Seicis

Seicis (čeština, český jazyk)
Á labhairt: An tSeic
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 12 milliún
Rang: 66
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Teangacha Slavacha
  Iar Slavach
   Seic-Slavach
    Seicis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Seice
Rialaithe ag: Ústav pro jazyk český (Institiúid na Seicise)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 cs
ISO 639-2 cze
ISO 639-3 ces
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an tSeicis an teanga Shlavach a labhraítear sa tSeic agus i measc lucht imirce ón tSeic sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr agus san Ostair. Ar fud an domhain, tá sí ag dhá mhilliún déag de dhaoine ó dhúchas. Is í an tSlóvaicis an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile acu. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus litríocht dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.

Teanga ardchultúrtha is ea í an tSeicis, nó chuala an saol iomrá ar scríbhneoirí móra nua-aimseartha na Seice cosúil le Karel Čapek, Jaroslav Seifert, agus Jaroslav Hašek. Is é úrscéal Hašek, Osudy dobrého vojáka Švejka za světové války ("Eachtraí an dea-shaighdiúra Švejk sa chogadh domhanda") an leabhar is clúití a tháinig ar pár as Seicis riamh, agus is minic a chuirtear i gcomparáid le Don Cíochótae é.

Tá caighdeán scríofa na Seicise bunaithe ar theanga Chlasaiceach an Bhíobla, is é sin, Bible Kralická nó Bíobla Kralice, a bhaineann leis an séú haois déag. Bhí teanga an aistriúcháin seo sórt seanfhaisiúnta lena lá féin, gan aon trácht ar an lá inniu, agus mar sin, tá Seicis labhartha ár linne an-difriúil leis an teanga a scríobhtar. Is féidir a rá, fiú, go bhfuil sórt débhéascna ag baint leis an tSeicis.

An duine nach bhfuil Seicis aige, nuair a chaithfidh sé súil ar théacs sa teanga, is é an rud is mó a chuirfidh iontas air ná an oiread focal nach bhfuil guta ar bith iontu: smrt ("bás"), blb ("amadán") agus a leithéid. Is é an míniú ná go mbaintear úsáid an ghuta as an l agus as an r sa tSeicis go minic, agus iad ag iompar an tsiolla mar a bheadh gutaí iontu. Tá a leithéid de litir sa tSeicis agus ř freisin. R an-chaol atá ann, agus é cosúil leis an dóigh a bhfuaimníonn Gaeilgeoirí áirithe an r caol - is é sin, tá sé idir eatarthu idir an z agus an r.

Úsáidtear an síneadh fada sa tSeicis leis na gutaí fada a aithint thar na gutaí gairide. Murab ionann agus sa tSlóvaicis, ní fheicfeá an síneadh fada os cionn an r ná an l, cé go nglactar leo mar ghutaí sa teanga.

[athraigh] Stair na Seicise

Tá iarsmaí na Sean-Slaivise Eaglasta le fáil sa tSeic ó thús na dara mílaoise, ach nuair a tháinig scoilt idir an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais an Oirthir, b'í an Laidin a cuireadh in úsáid mar theanga eaglasta. Sa tríú haois déag a breacadh síos na chéad iomainn eaglasta sa teanga, agus lorg na Sean-Slaivise Eaglasta orthu i gcónaí. Sa cheathrú haois déag a thosaigh forbairt na litríochta Seicise i ndáiríre, áfach. Naomhsheanchas, eipicí agus croinicí a bhí ann. Chuaigh an tSeicis in úsáid san eaglais féin, cé go raibh an Laidin ní ba tábhachtaí i gcónaí. Bhí an tSeicis mhoch seo bunaithe ar chanúint chomhaimseartha Phrág.

B'é Jan Hus, a chuir síol leis an Reifirméisean sa tSeic chomh luath le deireadh na ceathrú haoise déag, a rinne an chéad iarracht le litriú na teanga a chaighdeánú. Chuireadh Hus poncanna beaga os cionn na litreach leis na fuaimeanna cosúla a aithint thar a chéile, agus is as na poncanna seo a d'fhorbair an háček (č, ň, ř, š, ž) agus an síneadh fada (á, é, í, ú) chomh maith leis an bhfáinne beag os cionn an ů. A bhuí le Hus, chuaigh úsáid na Seicise chun fairsinge sa chúigiú haois déag, i gcúrsaí riaracháin an stáit, fiú.

Tháinig Bíobla Kralice chun saoil sna blianta 1579-1594, agus chuaigh teanga an Bhíobla seo an oiread i bhfeidhm ar na Seicigh is gur ghlac siad leis mar chaighdeán dá dteanga feasta. Aistriúchán Protastúnach a bhí ann. Nuair a chuir na Caitlicigh ruaigeadh ar na Protastúnaigh as an tSeic i ndiaidh Chogadh an Tríocha Bliain, go háirithe tar éis Chath Bílá Hora sa bhliain 1620, chuaigh úsáid na Seicise i laghad arís, agus an Ghearmáinis ag teacht ina háit sa chóras riaracháin. Mar sin féin, níor chuir na Caitlicigh deireadh le traidisiún na teanga scríofa. Bhí na hÍosánaigh, ach go háirithe, sásta úsáid a bhaint as Bíobla Kralice agus as an gcaighdeán Seicise a bhí leagtha amach ansin. Thairis sin, bhí na Protastúnaigh ag saothrú na teanga ar an gcoigríoch agus ag iarraidh a gcuid scríbhinní a scaipeadh sa tSeic féin.

San ochtú haois déag, chuir na Seicigh suim nua ina dteanga dhúchais, nuair a tháinig smaointeachas an tSoilsithe go dtí an tSeic. Sa bhliain 1791, d'fhoilsigh Josef Dobrovský a mhórshaothar féin faoi stair na teanga agus a litríochta, Geschichte der böhmischen Sprache und Literatur. Ceannródaí ab ea é Dobrovský i stair an léinn Shlavaigh. Cé gur foilsíodh leabhair eile faoi ghramadach na Seicise san am céanna, b'é saothar Dobrovský an ceann ba tábhachtaí acu go léir.

Inniu féin, tá gramadach na Seicise liteartha bunaithe ar an gcaighdeánú a rinne Dobrovský. Chuir Dobrovský béim ar leith ar thábhacht an traidisiúin scríbhneoireachta agus ar intuigtheacht na teanga i measc na Slavach eile, agus mar sin, tá cuma iontach seanársa ar an gcaighdeán a chruthaigh sé.

I rith na naoú haoise déag, rinneadh an-fhorbairt agus an-fheabhsú ar an tSeicis mar theanga chultúrtha. Sna blianta 1835-1839, chuir Josef Jungmann i dtoll le chéile foclóir mór Gearmáinise-Seicise, agus é ag cumadh na gcéadta focal nua le bheith in ann téarmaí teicneolsíochta na Gearmáinise a aistriú. Faoi lár na naoú haoise déag, bhí téarmaíocht ar fáil sa tSeicis le haghaidh gach sórt eolaíochta, a bheag nó a mhór.

I ndeireadh na naoú haoise déag a tháinig na chéad saothair liteartha i gcló sa teanga. Síltear de ghnáth gurbh é an t-úrscéal úd Babička ("Mamó") le Božena Němcová a chuir tús le litríocht nua-aoiseach na teanga.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
Béarla | Bulgáiris | Danmhairgis | Eastóinis | Fionlainnis | Fraincis | Gaeilge | Gearmáinis | Gréigis | Iodáilis | Laitvis | Liotuáinis
Máltais | Ollainnis | Polainnis | Portaingéilis | Rómáinis | Seicis | Slóivéinis | Slóvaicis | Spáinnis | Sualainnis | Ungáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE

Deratyzacja Bezsenność Rejestracja domen bezpieczeństwo sieci Podręczniki - Księgarnia Dekoracja okien ekologiczne produkty Heineken Opener tanie pozycjonowanie Domy opieki komputery Samochody używane Tekstunie na E Salony fryzjerskie domy z drewna kick koparki Bułgaria wczasy Karaoke tani kredyt hipoteczny COOLsurf