|
Bosca uirlisíI dteangacha eile
|
RíomhphostIs éard is ríomhphost ann ná seirbhís a chuirtear ar fáil thar an Idirlíon (is seirbhísí eile iad an Gréasán Domhanda, FTP, srl.). Is féidir teachtaireachtaí a sheoladh ó ríomhaire ar bith atá ceangailte leis an Idirlíon go dtí ríomhaire eile atá ceangailte leis. [athraigh] Seoladh RíomhphoistTeastaíonn seoladh ríomhphoist ó dhuine má tá siad ag iarraidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a ghlacadh. Bíonn an chuma seo a leanas ar sheoladh ríomhphoist:
Is féidir seoladh ríomhphoist a fháil ó Sholáthraí Seirbhísí Idirlín (ISP) má chruthaíonn tú cuntas leo, nó is féidir seoladh ríomhphoist a fháil ó sheirbhís ríomhphoist gréasáin ar nós Yahoo Mail, Hotmail nó GMail. [athraigh] Cliant RíomhphoistIs feidhmchlár é cliant ríomhphoist a húsáidtear le teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh, a ghlacadh agus a bhainistiú. Seo a leanas roinnt samplaí de chliaint ríomhphoist: Microsoft Outlook Express, Microsoft Outlook, Eudora, Netscape Messenger. Bíonn gnéithe breise ag cuid de na cliaint seo a chuireann ar do chumas iad a úsáid mar eagraí pearsanta (m.sh. liosta teagmhálaithe, féilire, srl.).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |