Alt Roghnaithe
Poblacht iar-Shóivéadach is ea í an Asarbaiseáin, nó Poblacht na hAsarbaiseáine (Asarbaiseáinis: Azərbaycan Respublikası). Tugtar "Tír na Síor-Thine" ar an Asarbaiseáin, ós rud é go bhfuil sí saibhir in artola. Tá sí suite idir an Iaráin, an Rúis, an Airméin agus an tSeoirsia. Tá cuid den Asarbaiseáin, mar atá Naxçıvan, dealaithe ón gcuid eile den phoblacht ag an Airméin. Tá Naxçıvan ag críochtanacht go díreach leis an Tuirc.
Timpeall chasadh na mílaoise, bhí 8.5 milliún duine ina gcónaí san Asarbaiseáin. Muslamaigh Shítheacha is ea iad na hAsarbaiseánaigh de gnáth (93.4%), agus is í an Asarbaiseáinis teanga oifigiúil na tíre. Labhraítear an teanga chéanna in Asarbaiseáin na hIaráine freisin. Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó. Bhí mionlach mór Airméanach ann freisin - sular phléasc an cogadh amach leis an Airméin... [ níos mó ]