Lúnasa
Is é Lúnasa an t-ochtú mí den bhliain.
Ainmnítear an mhí ó cheann de mhórfhéilte na nGael, Lá Lúnasa. Ba é Lugh dia na n-ealaíona ag na Ceiltigh. Lugh Lámhfhada a tugadh air mar gheall ar réimse a chuid arm. Dar le Dáithí Ó hÓgáin, ina chiclipéid faoi bhéaloideas na hÉireann, ba as seanfhocal Ceilteach a chiallaigh mion (lugio) a tháinig an t-ainm Lugh.
Tá eolas faoin seanfhéile ar 1 Lúnasa san alt Lá Lúnasa.
|