|
|
An tSlóivéin
Tír bheag i lár na hEorpa, in Oirthear na nAlp is ea Poblacht na Slóivéine, le teorannacha leis an Ostair , an Iodáil, an Ungáir agus an Chróáit. Bhí tailte na Slóivéine mar chuid den Impireacht Naofa Rómhánach agus d'Impireacht na hOstaire go dtí 1918 nuair a chuaigh na Slóivéinigh i bpáirt leis na Seirbigh agus na Cróátaigh chun stát nua ilnáisiúnta, an Iúgslaiv a bhunú. D'fhan an tSlóivéin ina cuid den Iúgslaiv tar éis an Dara Cogadh Domhanda, faoi rialtas Cumannach, ach i 1991 d'éirigh léi a neamhspleáchas a bhaint amach tar éis chogadh deich lá. Mar gheall ar na naisc stairiúla le tíortha ar nós na hIodáile agus na hOstaire, ní raibh sé deacair don tSlóivéin dul i bpáirt arís leo, agus glacadh isteach san Aontacht Eorpach agus in ECAT í sa bhliain 2004.
Achar iomlán 20,273 ciliméadar cearnach. Cósta: 46.6 km.
Aeráid mheánmhuirí ar an gcósta, aeráid Alpach sa réigiún sléibhtiúil in aice na hIodáile agus na hOstaire.
Daonra (2005): 2,011,070, ag titim go mall.
|